AN LITIR CHUN COROTÍCUS*

*[Nota]

1

Is é mo thuairisc[Nota] orm féin, Pádraig, duine gan léann, im chónaí in Éirinn dom, gur easpag mé. Níl aon amhras orm nach ó Dhia a fuaireas é siúd a bhaineas liom. Is de ghrá Dé dá bhrí sin atá cónaí orm i measc treibheanna barbaracha im dhíbeartach agus im dheoraí; bíodh a fhianaise airsean gur mar sin atá. Ní hé gur mhian liom aoinní chomh crua géar sin a ligean thar mo bhéal, ach tá dúthracht do Dhia á chur fé ndear dom agus is í firinne Chríost a tharraing asam é as ucht grá comharsan agus clainne, ar thréig mé mo thír dhúchais agus mo thuismitheoirí agus mo bheatha go bás ar mhaithe leo. Más fiú é, tá mé ag caitheamh mo shaoil ar son Dé d'fhonn na gintlithe a theagasc, cé gur scorn le roinnt daoine mé.


2

Is le mo laimh féin a scríobhas agus a chumas na briathra seo lena dtabhairt agus lena síneadh agus lena gcur chun saighdiúirí Chorotícus, ní abraim chun mo chomh-chathróirí nó chun chomh-chathróirí na Rómhánach[Nota] naofa ach chun lucht aon chathrach leis na diabhail, de bhíthin a ndrochghníomhartha. Tá siad a n-iompar féin fearacht naimhde, ag maireachtáil sa mbás dóibh agus iad i gcomhar leis na Scoit agus leis na Cruithne a shéan an creideamh. Fuil ar sileadh leo agus iad fliuch léi, fuil Chríostaithe neamh-urchóideacha a bhí ginte agam i líon Dé, agus a bhí daingnithe agam i gCríost.[Nota]


3

An lá i ndiaidh a n-ungtha le criosma agus éadach geal an bhaiste orthu—bhí an chumhracht fós ar a mbaithis agus ár agus slad a ndéanamh orthu go míthrócaireach leis an gclaíomh ag an dream réamhráite—chuir mé litir le sagart naofa, ar thugas teagasc do ó bhí sé ina leanbh, agus le cléirigh eile ag iarraidh orthu roinnt den chreich sin nó cuid de na cimí baiste a thabhairt dúinn. Magadh a rinneadar fúthu.


4

Dá bharr sin ní fios dom cé acu is mó is ábhar bróin dom: na daoine a maraíodh nó iad sin atá gafa acu atá i ngreim daingean ag an diabhal.[Nota] Ifreann gona phianta síoraí atá i ndán dóibh mar aon leis-sean óir is sclábhaí ar ndó an té a dhéanas peaca agus tabharfar mac an diabhail air.


5

Dá bhrí sin bíodh fhios ag gach aoinne gur eagal leis Dia nach bhfuil aon pháirt liomsa nó le Críost mo Dhia, a bhfuil taidhleoireacht ar a shon mar chúram orm, ag lucht fionghaile in aghaidh athar agus deárthar, faolta cíocracha atá ag alpadh pobal Dé mar bheadh arán ann. Mar adúradh, do léirscrios lucht an oilc do dhlí, a Thiama—dlí a bhí curtha aige go seoigh le gairid in Éirinn le teann trócaire, agus a raibh borradh faoi trí ghrásta Dé.


6

Ní ag forghabháil atá mé. Tá páirt agam leo siúd a bhí glaoite agus réamh-chinnte aige chun an soiscéal a chraoladh i measc géarleanúna nár bheag, fiú go himeall an domhain, bíodh is go bhfuil ár namhaid i bhformad linn trí ansmacht Chorotícus. Ní umhlaíonn sé do Dhia na dá shagairt atá tofa aige agus ar ar bhronn Sé an chumhacht diaga is uaisle agus is airde, eadhon go mbeadh ceangal ar neamh orthu siúd a gcuirfidís-sean ceangal ar an saol seo orthu.


7

Dá bhrí sin, séard atá fúm a chur ina luí oraibh thar gach ní, a naomha agus a ísle croí, nach gceadaítear lútáil ar a leithéid nó bia nó deoch a chaitheamh in éineacht leo nó déirc a ghlacadh uathu go ndéana siad leorghníomh do Dhia le haithrí dhian, agus le sileadh deor, agus go saora siad seirbhísigh Dé agus ban-óglaigh bhaiste Chríost a bhfuair Sé bás ar a son, go fiú a chéasta.[Nota]


8

Diúltaíonn an Té is Airde do thabhartais na n-olc. An té ofráileann íobairt as riar na mbocht, tá sé mar bheadh sé ag íobairt an mhic os comhair an athar. An t-ollmhaitheas, adeir Sé, atá bailithe aige san éagóir, caithfear amach as a ghoile é; tá aingeal an bháis a sciobadh leis, beidh confadh na ndragún a chéasadh, maróidh teanga na nathrach nimhe é, tá an tine dhomhúchta á loscadh. Mar an gcéanna: Is mairg dóibh sin a líonas iad féin le nithe nach leo, nó: Cén leas do dhuine an domhan uile a ghnóthú agus a anam féin a chailliúint?


9

B'fhadálach an scéal é gach uile ní a chur trí chéile agus a insint, agus fainséisí a bhailiú i dtaobh a leithéid de shaint ar fud an Dlí go léir. Is coir mharfach í an tsaint. Ná santaigh cuid do chomharsan, ná maraigh. Ní thig le dúnmharfóir bheith i gcuideachta Chríost. An té a bhfuil fuath aige dá bhráthair, áirítear mar dhúnmharfóir é. Nó: An té nach ngráíonn a bhráthair tá sé ag lonnú san mbás. Nach mó go mór cionta an té úd a thruailligh a lámha le fuil chlann Dé, a bhain Sé amach dó féin le deireannas ar imeall an domhain trí spreagadh ar n-isleachta?


10

An é go dtáinig mé go hÉirinn gan Dia bheith liom, nó de réir na colla? Cé chuir iachall orm? Tá mé faoi cheangal ag an Spiorad gan aoinne dem mhuintir a fheiceáil. An díom féin go bhfuil caon-trócaire á dáil agam ar an gcine sin a ghabh mar bhrá mé, tráth, agus a rinne creach de lucht aimsire teaghlaigh m'athar, idir fhir agus mhná? Ba shaoránach mé de réir na colla: ba decurion m'athair. Is é an chaoi ar dhíol mé mo chéim uaisleachta—ní náir liom é ná ní cás liom é—ar mhaithe le daoine eile. Dá bhíthin sin, is searbhónta i gCríost mé do náisiún coimhthíoch chun ghóire dolabhartha na beatha síoraí atá i gCríost Íosa ar dTiarna.


11

Agus, mura n-aithníonn mo mhuintir féin mé, ní fhaigheann fáidh onóir ina thír dhúchais. An é nach den aon bhanraigh sinn nó nach é an t-aon Dia atá mar athair againn, de réir mar atá ráite: An té nach bhfuil liom is im aghaidh atá sé, agus an té nach mbailíonn liom, ag scaipeadh atá sé. Ní ceart go mbeadh duine ag scrios agus an duine eile ag tógáil. Ní lorgaím an ní is liom. Ní domsa a bhuíochas ach do Dhia, a chuir an cúram seo im chroí go mbeinn ar dhuine de na fiagaithe nó de na hiascairí ar thairngir Dia fadó a dteacht ins na laethanta deiridh.


12

Tá olc ag daoine chugam. Céard a dhéanfas mé, a Thiarna? Níl meas ar bith orm. Féach, tá do chuid caorach atá thart orm á réabadh agus á bhfuadach agus is iad na gadaithe réamhráite is údar leis, ar ordú Chorotícus an droch-chroí. Is fada ó charthanacht Dé brathadóir Críostaithe i lámha na Scot agus na gCruithne. Tá tréad an Tiarna alptha ag faolta craosacha, agus is é a bhí ag borradh go breá in Éirinn le barr díograise. Ní thig liom a bhfuil de chlann mhac na Scot[Nota] agus iníonacha na ríthe ina manaigh agus ina n-ógha le Críost a chomhaireamh. Dá bhrí sin ná ceadaigh éagóir ar na fíréin: ní cheadóidh mé fiú go hlfreann.[Nota]


13

Cé acu de na naoimh nár ghráin leis suairceas a dhéanamh nó fleadh a chaitheamh lena leithéidí? Tá a dtithe lán acu le creich Chríostaithe marbh; is ar bhradáil a mhaireas siad. Ní thuigeann siad, na truáin, gur nimh mharfach an bia atá á thairiscint acu dá gcairde agus dá gclann mhac amhail nár thuig Éabha go mb'é an bás a bhí á thabhairt aici dá fear. Mar sin do lucht déanta an oilc; is é an bás síoraí atá siad a shaothrú mar phionós.


14

Nós é atá ag Críostaithe Rómhánacha na Gaille go gcuireann siad fir dheabhóideacha éirimiúla chun na bhFrancach agus chun na náisiún eile le oiread áirithe míle solidí d'fhonn braighde baiste a fhuascailt. Maidir leatsa, is é an chaoi a maraíonn tú iad agus a ndíolann tú iad le cine choimhthíoch atá in aineolas Dé. Tá tú mar bheifeá ag teilgean baill Chríost i mbaoisteach. Cén dóchas atá agat as Dia nó ag aoinne atá ag teacht leat nó ag déanamh plámáis leat? Dia a bhéarfas breith. Arae tá sé scriofa: Ní iadsan amháin atá ag déanamh an oilc a daorfar ach an dream atá ag aontú leo chomh maith.


15

Ní mé céard a déarfas mé nó a labharofas mé a thuilleadh i dtaobh clann Dé atá báisithe, iad sin ar theagmhiagh an claíomh go rí-chrua leo. Séard atá scriofa: caoinigí le lucht caointe; agus arís: Má bhíonn brón ar bhall amháin bíodh comhbhrón ar na baill go léir. Dá bhrí sin tá an Eaglais ag éagaoineadh agus ag mairgnigh a clann mhac agus iníon nár mharaigh an claíomh go fóill iad ach go bhfuíl siad aistrithe agus fuadaithe go tíortha in imigéin, áit ar lionmhar an peaca agus é follas, marfach, mí-náireach. Is ansin a díoladh saoránaigh agus rinneadh sclábhaithe de Chríostaithe — agus a rá gur ag na Cruithne, na coirpigh urchóideacha sin a shéan an creideamh, atá siad!


16

Ar an ábhar sin déarfaidh mé in ard mo ghutha go dobrónach doilíosach: A bhráithre agus a chlann mhac is áille agus is ansa liom, agus a ghin mé i gCríost in bhur slua do-áirithe, céard a dhéanfas mé ar bhur son? Ní fiú mé tarrtháil ar Dhia nó ar dhaoine. Tá an lámh in uachtar orainn ag olcas na n-olc. Tá ionann agus coimhthígh déanta dinn. An é nach gcreideann siad gur aon bhaiste amháin atá faighte againn nó gur aon Dia amháin is athair dúinn? Is náire leo gur in Éirinn a rugadh sinn[Nota]. Mar adúradh: Nach aon Dia amháin atá agaibh? Cén faith ar thréig gach n-aon díbh a chomharsa?


17

Dá bhrí sin tá mé ag déanamh bróin agus róbhróin ar bhur son, a mhuintir is ansa liom, ach ina dhiaidh sin tá lúcháir ar mo chroí istigh; ní saothar in aisce a bhí agam agus ní raibh mo thaisteal gan toradh. Agus más uafásach dolabhartha an choir a thit amach, a bhuí le Dia sibh a bheith imithe den tsaol seo ar Pharrthas in bhur gcreidmhigh bhaiste. Is léir dom sibh: tá aghaidh tugtha agaibh ar an áit nach mbeidh oíche ann choíche na doilíos na bás a thuilleadh, ach beidh gliondar oraibh amhail gamhna a saorfaí ó gheimhle, agus gabhfaidh sibh de chosa ar lucht an oilc agus beidh siad ina luaithrigh faoi bhur gcosa.


18

Mar sin beidh réim agaibhse in éineacht leis na fáithe agus leis na mairtírigh. Bainfidh sibh amach na ríochta síoraí de réir mar thugann Seisean fianaise, ag rá dó: Tiocfaidh siad ón oirthear agus ón iarthar agus suífidh siad le hAbraham agus Isaac agus Iacób i ríocht na bhflaitheas. Lasmuigh a bheas madaí agus lucht asarlaíochta agus dúnmharfóirí. Agus: Lucht an mhionna bhréige, log na tine suthaine is dán dóibh. Ní gan fáth adeir an tAspal: an áit nach slán don fhíreán ach ar éigin, cén bhail a gheobhas an peacach agus an coirpeach a sháraíos an dlí air féin?


19

Ar an ábhar sin cá bhfeicfidh Corotícus mar aon lena chuid coirpeach atá easumhal do Chríost, iad féin—dream a roinneas mná baiste mar bhronntanais ar mhaithe le ríocht shuaraigh shaolta, nach maireann ach nóiméad? Amhail scamall nó deatach a scaiptear leis an ngaoth, mar sin síothlóidh peacaigh fhealltacha ó láthair an Tiarna. Na fíréin, áfach, beidh fleadh acu go seasmhach suthain i gcuideachta Chríost, tabharfaidh siad breith ar na náisiúin agus beidh forlámhas acu ar dhrochríthe go saol na saol. Amen.


20

Is é m'fhianaise os comhair Dé agus a Aingeal gur mar sin a bheas, de réir mar chuir Sé in iul dom aineolas. Ní hiad mo bhriathrasa ach briathar Dé agus na nAspal agus na bhfáithe atá foilsithe agam i Laidin, agus b'fhada riamh uathusan bréag a dhéanamh. An té a chreideas slánófar é, ach an té nach gcreidfidh daorfar é. Is é Dia aduirt.


21

Is í an achainí is mó atá agam ar cibé is seirbhíseach fonnmhar do Dhia go dtabharfaidh sé an litir seo leis agus nach gceilfidh aoinne nó nach gcuirfidh aoinne i bhfolach í ach, a mhalairt ar fad, go léifear os comhair an phobail go léir i agus i láthair Chorotícus féin. Dá mbeadh go gcuirfeadh Dia ina gcroí aithrí a dhéanamh uair éigin do Dhia i dtreo go dtiocfadh cathú orthu go mall féin mar gheall ar an ainghníomh atá déanta acu—dúnmharú ar bhráithre an Tiarna—agus go saorfadh siad na mná baiste atá gafa acu, ionas go mb'fhiú iad maireachtáil do Dhia agus slánú a bhaint amach anseo agus go deo! Síocháin don Athair agus don Mhac agus don Spiorad Naomh. Amen.